top of page

Machnaimh ar an scríbhneoireacht

  • Writer: Sarah
    Sarah
  • Jul 24
  • 4 min read

Is go déanach san oíche nuair a bhíonn fonn codlata orm a ritheann smaoineamh éigin liom, rud a chuireann bac go minic ar mo chuid iarrachtaí dul a choladh. Sínim mo lámh amach agus beirim greim ar m’fhón póca le nóta a bhreacadh síos nó le nóta gutha a thaifeadadh, le cinntiú nach ndéanaim dearmad ar an smaoineamh úr seo. Bíonn sé de nós agam dianmhachnamh a dhéanamh ar gach uile abairt nuair a bhím ag scríobh; ar rogha agus ord na bhfocal, agus ar struchtúr, gluaiseacht agus fad na habairte. D’fhéadfainn abairtí agus ailt a léamh agus a athléamh arís agus arís eile, díreach leis an rud ar fad a scriosadh agus a athscríobh. Próiseas tuirsiúil atá ann cinnte!

Ach nuair a bhuaileann smaointe mé i lár na hoíche, ar bhealach éigin tagann siad chugam in abairtí iomlána. Leis sin, caithfidh mé glacadh leo - cuirim fáilte rompu fiú, cé go gcuireann siad isteach ar mo chuid codlata. Mura scríobhaim síos láithreach iad, beidh dearmad glan déanta agam orthu an mhaidin dár gcionn.


Chuir mé spéis sa scríbhneoireacht ar dtús le linn mo chuid meánscolaíochta. Chaith mé seachtain ar thaithí oibre le nuachtán áitiúil nuair a bhí mé san idirbhliain. Tugadh tascanna riaracháin dom le déanamh, ar nós comhdúcháin, cáipéisí a fhótachóipeáil agus mar sin de. Ach ní raibh suim agam sa chineál sin oibre. Mheas mé féin go raibh mé ann chun peann a chur le pár, ní chun obair oifige a dhéanamh! Nuair nach raibh jab beag le déanamh agam áfach, is cuimhin liom cuid mhór den tréimhse a chaitheamh ag scríobh ailt ar an gclár réaltachta Fame Academy. Comórtas ceoil cosúil le X Factor a bhí sa chlár, agus bhí mé an-tógtha leis ag an am. Ag deireadh na seachtaine, i ndiaidh dom na huaireanta fada a chaitheamh air, thug mé an t-alt go bródúil don eagarthóir, ag súil le go bhfeicfinn sa nuachtán é gan mhoill. Níl insint béil ar an díomá a bhraith mé nuair a foilsíodh an chéad eagrán eile de. Léigh mé an páipéar ó thús go deireadh cúpla uair, ach trácht ar Fame Academy ná orm féin níor aimsigh mé! Bíonn gach tús lag, mar a deirtear!


Ag smaoineamh siar anois ar an gcuimhne seo, agus ar an mbrú a chuirim orm féin in amanna nuair a bhím ag scríobh, ní haon ionadh é gur ghlac sé na míonna orm (na blianta fiú!) an suíomh seo a sheoladh. Tá liostaí agus nótaí scríofa agam san fhón agus leabhair nótaí líonta agam le smaointe don bhlag seo, ach sa deireadh tá sé beartaithe agam rud níos simplí a dhéanamh anseo: píosaí bunaithe ar mo spéiseanna, mo thuairimí agus m'eispéiris féin a scríobh, agus gan chloí leis an gcur chuige ná leis an téama céanna i ngach píosa. Dialann phearsanta de shórt a bheidh sa bhlag seo, agus mé ag iarraidh fáil réidh leis na srianta diana a chuirim orm féin nuair a théim i mbun pinn.


---

Gluais

machnaimh - reflections

scríbhneoireacht - writing

go déanach - late

fonn codlata - sleepiness

bac - a block/ stop

iarrachtaí - efforts

Sínim...amach - I stretch...out

beirim greim ar - I grab

a bhreacadh síos - to jot down

nóta gutha - a voice note

a thaifeadadh - to record

smaoineamh úr - fresh/new thought

nós - habit/custom

dianmhachnamh a dhéanamh - to mull over

rogha agus ord na bhfocal - the choice and order of the words

struchtúr, gluaiseacht agus fad na habairte - the structure, movement/flow and length of the sentence

a athléamh - to reread

a scriosadh - to erase

a athscríobh - to rewrite

Próiseas tuirsiúil - a tiring process

abairtí iomlána - full sentences

caithfidh mé - I have to

glacadh leo - accept them

cé go gcuireann siad isteach ar - even though they interrupt

mura - unless

láithreach - immediately

an mhaidin dár gcionn - the next morning


spéis - interest le linn mo chuid meánscolaíochta - during my secondary schooling

ar thaithí oibre - on work experience

nuachtán áitiúil - a local newspaper

san idirbhliain - in Transition Year

tascanna riaracháin - admin tasks

ar nós comhdúcháin - such as filing

cáipéisí a fhótachóipeáil - photocopying documents

chun peann a chur le pár - to put pen to paper

is cuimhin liom - I remember

tréimhse - stint/ period of time

clár réaltachta - reality (TV) show

an-tógtha leis - very taken with it

na huaireanta fada - long hours

go bródúil - proudly

eagarthóir - editor

ag súil le go bhfeicfinn é - expecting that I would see it

gan mhoill - without delay

Níl insint béil ar - There's no describing

an díomá - the disappointment

foilsíodh - was published

eagrán - edition

trácht (ar) - mention (of)

níor aimsigh mé - I did not find

Bíonn gach tús lag - Every beginning is weak



Ag smaoineamh siar - Thinking back

cuimhne - memory

brú - pressure

in amanna - at times

ní haon ionadh é - it's no surprise

suíomh - site

a sheoladh - to launch

tá sé beartaithe agam - it's my plan/intention

spéiseanna - interests

mo thuairimí - my opinions

m'eispéiris (féin) - my (own) experiences

ag iarraidh fáil réidh le - trying to do away with

srianta - constraints

dian(a) - strict

nuair a théim i mbun pinn - when I take up the pen (write)

Comments


  • Instagram
  • Linkedin
  • Instagram
  • YouTube

©2026 le Sarah Murphy.

bottom of page